Transport gratuit la punctele de livrare Pick Up peste 299 lei
Packeta 15 lei Easybox 20 lei Cargus 25 lei FAN 25 lei

Fhonduireacht

Limba irlandezăirlandeză
Carte Carte broșată
Carte Fhonduireacht Isaac Asimov
Codul Libristo: 09066478
Editura Evertype, octombrie 2014
Áirítear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtúir", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scé... Descrierea completă
? points 57 b
114 lei
În depozitul extern Expediem în 14-18 zile

30 de zile pentru retur bunuri

Áirítear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtúir", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta. Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge. Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Ĺbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa).

Informații despre carte

Titlu complet Fhonduireacht
Autor Isaac Asimov
Limba irlandeză
Legare Carte - Carte broșată
Data publicării 2014
Număr pagini 292
EAN 9781782010807
ISBN 9781782010807
Codul Libristo 09066478
Editura Evertype
Greutatea 390
Dimensiuni 283 x 142 x 24
Dăruiește această carte chiar astăzi
Este foarte ușor
1 Adaugă cartea în coș și selectează Livrează ca un cadou 2 Îți vom trimite un voucher în schimb 3 Cartea va ajunge direct la adresa destinatarului

Logare

Conectare la contul de utilizator Încă nu ai un cont Libristo? Crează acum!

 
obligatoriu
obligatoriu

Nu ai un cont? Beneficii cu contul Libristo!

Datorită contului Libristo, vei avea totul sub control.

Creare cont Libristo