Nu se pretează? Nu contează! La noi puteți returna bunurile în 30 de zile
Cu un voucher cadou nu veți da greș. În schimbul voucherului, destinatarul își poate alege orice din oferta noastră.
30 de zile pentru retur bunuri
Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad. Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde. Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh. Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha - ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas. Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta.